Baile
Is í an Ghaeilge teanga dhúchais mhuintir Chonamara leis na céadta bliain.
Labhraíonn pobal na háite seo Gaeilge mar gurb í sin an teanga is nadúrtha leo a úsáid agus iad ag caint le chéile.
Is iomaí scríbhneoir, file agus ealaíontóir de bhunadh na háite seo a fuair a gcuid inspioráide ó shaibhreas chultúrtha an cheantair agus ó áilleacht na timpeallachta.
 |
In Indreabhán atá Coláiste Lurgan suite.
Tá Coláiste Lurgan ann chun freastal ar dhaoine óga atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid gaeilge labhartha. |
Chuile shamhradh tagann scoláirí óga as chuile chearn den tír go hIndreabhán chun cónaí inár measc ar feadh roinnt seachtainí.
Déantar chuile iarracht a chinntiú go mbíonn siad ar a gcompord agus iad anseo in éineacht linn ag foghlaim na Gaeilge.
Tar go Coláiste Lurgan an samhradh seo chugainn ! Glac páirt ghníomhach i saol na Gaeltachta agus tabhair tús áite do labhairt na Gaeilge.

|