Baile
cursai
eolas
teagmhail
teagaisc
aiteanna
foirgneamh
goal
Cuimhni Gaeltachta
Abair Leat
Registration Available from Nov 5th

 

Coláistí Gaeilge

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

© S. Ó Grádaigh, Lurgan 2006

 

 

 

Eolas Tábhachtach

 Introduction

 Accomodation

 Beginning of Course

 Classwork

 Correspondence

 Final Correspondence

 Consent Form

 Bank

 Daily Routine & Sample  Menu

 The Student

 Washing Facilities

 Code of Behaviour

 Clothing and  equipment

 Riail na Gaeilge

 Supervision &  Monitoring of students

 Interview

 Health and dietary  conciderations

 

Eolas do thuismitheoirí

Freastalaíonn Coláistí Gaeilge ar dhaoine óga, trí chúrsaí Gaeilge a chur ar fáil dóibh siúd atá ag iarraidh feabhas a chur ar a nGaeilge labhartha.

Iarrtar ar scoláirí a thagann chuig Colaistí Gaeilge tús áite a thabhairt do labhairt na Gaeilge le linn an chúrsa.

Is éileamh an-réasúnta é seo ar dhaoine atá ag teacht ar chúrsa teanga, go háirithe nuair is í a dteanga dhúchais atá i gceist.

Bíonn an timpeallacht lán-Ghaeilge a chothaítear le linn cúrsa Gaeilge ag brath go hiomlán ar rannpháirtíocht agus ar dhea-mhéin na scoláirí ar an gcúrsa.

Is iontach go deo go bhfuil an spéis ag an méid sin daoine dul ar chúrsaí Gaeilge.

Ní gá gurb é foghlaim na Gaeilge an phríomhchúis do thuistmitheoirí/scoláirí nuair a dhéantar an cinneadh freastal ar chúrsa an fhad agus go mbíonn siad toilteanach luí isteach leis an bpríomhchoinníoll cláraithe a bhaineann le iompar teanga.

Is é ár dtaithí, ó bheith ag obair le daoine óga ar chúrsaí Gaeilge, go mbíonn a bhformhór fábharach don Ghaeilge agus go nglacann siad páirt go fonnmhar in imeachtaí uile na gcúrsaí.

I ndeireadh na dála, braitheann todhchaí na teanga cuid mhaith ar dhaoine óga, ar a gcumas í a labhairt agus ionad agus tábhacht na teanga sa todhchaí sin a thuiscint.

Is éard atá le tairiscint ag Coláiste Gaeilge don fhoghlaimeoir óg ná suíomh foghlamtha ina bhfuil sé /sí in ann ionchur a bheith aige i gcothú agus i gcoimeád timpeallacht lan-Ghaeilge ar feadh tréimhse fhada ama.

Ní bhíonn aon taithí ag formhór na scoláirí a thagann ar chúrsa den chéad uair ar Ghaeilge a labhairt lasmuigh de shuíomh an tseomra ranga.

Bíonn deis iontach ag scoláirí sna trí seachtaine cur go mór leis an méid Gaeilge atá acu. Faigheann siad deis an méid Gaeilge atá acu ón scoil a úsáid.

Tá ionchur chuile scoláire tábhachtach, is cuma cén cumas Gaeilge atá acu.

Méadaíonn féinmhuinín scoláire leis na hiarrachtaí a dhéanann sé/sí agus leis sin méadaíonn an fonn a bhíonn air/uirthi an teanga a fhoghlaim agus a labhairt.

Téann na trí seachtaine ar chúrsa Gaeilge i gcion go mór ar fhormhór na bhfoghlaimeoirí óga.

Tugtar dóibh an deis den chéad uair Gaeilge a úsáid mar theanga chaidrimh agus is cinnte go dtaitníónn an taithí seo go mór le cuid mhór daoibh.

Tá tacaíocht na dtuismitheoirí lárnach don réamhréiteach a dhéantar sula dtéann scoláire ar chúrsa. Tá ról tábhachtach ag an réamhagallamh agus cruinniú le tuismitheoirí san réiteach seo.

Cothaítear go leor deacrachtaí i gcásanna nach dtugtar an aird cheart ar chomhairle a thugtar do thuismitheoirí/scoláirí.

Fadhb mhór a bhaineann le cúrsaí Gaeilge ná go mbreathnaíonn roinnt tuismitheoirí ar na cúrsaí seo mar áis chun aire a thabhairt do dhéagóirí i gcaitheamh an tsamhraidh.

Ba chóir go mbeadh sé intuigthe agus inghlacadh gur chun feabhas a chur ar Ghaeilge labhartha na scolairí agus chuige sin amháin atá na cúrsaí seo ann.

Is cinnte gur cúnamh mór iad na cúrsaí seo do scoláirí agus gur mór an taitneamh agus fiúntas a bhaintear as foghlaim na Gaeilge tar éis dóibh filleadh ar a scoileanna féin.

 

Nóta do iarrscolairí

Ta súil agam go mba spreagadh duit na trí seachtaine a chaith tú I gColáiste Lurgan agus go mbainfidh tú taitneamh agus fiúntas as foghlaim na Gaeilge sna blianta ata romhat ar scoil.

Is iontach go raibh spéis agat barr feabhais a chur ar do chumas sa teanga.

Dar ndóigh, is é an bealach is fearr le líofacht a bhaint amach sa nGaeilge ná í a labhairt chomh minic agus is féidir.

Tá sé fíor-thábhachtach don duine óg aithne agus eolas a chur ar a (h)oidhreacht féin agus a bheith in ann tarraingt as an stór teanga, an stór smaointe agus as an éagsúlacht chultúrtha atá againn sa tír seo.

I ndeireadh na dála, braitheann todhchaí na Gaeilge cuid mhaith ar dhaoine óga, ar a gcumas í a labhairt agus a dtuiscint ar a tabhacht I dtodhchaí na hÉireann.

Tá cuid mhór daoine óga ann ar mhaith leo a gcuid Gaeilge a úsáid i suíomhanna neamhfhoirmiúla agus a d’fháilteodh roimh deis a fháil Gaeilge a labhairt le daoine eile a bheadh an fonn céanna orthu.

Ta sé easca go leor nós cómhrá Gaeilge a chothú idir daoine a mba mhian leo a bheith pairteach ina leithéid.

Más spéis leatsa do chuid Gaeilge a úsáid níos minicí, bain triail as í a labhairt le chomhscolairí / do mhuintir nó le cairde a bheadh ar aon intinn leat.

Is cinnte go mbainfeá féin agus do chairde an-sult as.

Is é mana Choláiste Lurgan ná “Beatha teanga í a labhairt” nó i mbéarlagar an lae inniu “Use it or lose it".

 

Coláistí Gaeilge        

                                                                             

english