Foirgneamh nua
Tá iarratas pleanála á réiteach ag Coláiste Lurgan chun foirgneamh nua d’ardchaighdeán, a bheadh in ann freastal ar réimse leathan foghlaimeoirí Gaeilge agus ar réimse leathan gníomhaíochtaí, a thógail ar suíomh an Chnoic.

Is í fís Choláiste Lurgan don fhoirgnimh nua ná go mbeadh sé mar ionad oideachasúil / cultúrtha / agus sóisialta a bheadh in úsáid i gcaitheamh na bliana ar fad agus a bheadh ag freastal ar réimse an-leathan imeachtaí.
Thabharfadh foirgneamh a bheadh deartha go speisialta chun na hoibre, deis don Choláiste Gaeilge forbairt mór a dhéanamh ar réimse agus ar chaighdeán na gcúrsaí a d’fhéadfaí a chur ar fáil.
|