baile
cuimhni
 
Abair Leat
Registration Available from Nov 5th

 

Coláistí Gaeilge
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

© S. Ó Grádaigh, Lurgan 2006

 

GOAL

 

www.goal.ie

01 2809779

Is cúis mhór bróid dúinn i gColáiste Lurgan an gaol atá againn, le roinnt blianta anuas, leis an eagraíocht charthanachta GOAL.

Ó 2001 d’éirigh linn breis agus €150,000 a bhailiú.  Caitheadh an t-airgead sin ar thograí GOAL sa tríú domhan m.s. i mBosnia-Herzogovina, i Nairobi Kenya, i Calcutta san Ind, i Sri Lanka agus i Niger.

Bailíodh an t-airgead ar imeachtaí éagsúla a d’eagraigh na scoláirí m.s. trí dhíolachán an dlúthdhiosca Cuimhní Gaeltachta, brabach shiopa Goal, maratón caigheacála, lá na ngeansaithe agus imeachtaí eile nach iad.  Tá an choláiste agus GOAL go mór faoi chomaoin ag na scoláirí uilig a chuidigh linn an t-airgead seo a bhailiú.

Féach

thíos an cur síos ar an dá mhór thogra a raibh baint ag Coláiste Lurgan leo i bpáirt le GOAL i mBosnia Herzogovina agus i Kenya maraon le togra atógála  tithe i Sri Lanka.

 

 

~ Bosnia-Herzogovina, 2002 ~

 

~ Nairobi, Kenya, 2003-2005 ~

 

~ Sri Lanka, 2005 ~

 

 

Zebina Suma i mBosnia-Herzogovina.   

B’é seo togra 2002 Choláiste Lurgan i bpáirt le GOAL.

Is baile beag é Zebina Suma a scriosadh sa gcogadh ceithre bliana a bhí ar siúl i mBosnia-Hertzegovina blianta beaga ó shin.  Leag trúpaí na Seirbe an baile go talamh agus iad ar a mbealach go Gorazde.

B’í an aidhm a bhí leis an togra seo ná atógáil an ionaid pobail a scriosadh le linn an chogaidh.

Mar a bhí 2002

Mar atá inniú

 

Tá an t-ionad pobail tógtha anois agus tá sé in úsáid mar ionad sláinte, mar chlub óige agus mar oifigí pobail.

D’éirigh le scoláirí an Choláiste breis agus €27,000 a bhailiú leis an athchóiriú a chur i gcrích.

Rinne TG4 clár faisnéise den togra seo dar teideal ‘Beart i mBosnia’ i 2003.

 

 

Nairobi, Kenya      Togra 2003-2005

Is tír i mbéal forbartha í Kenya ina bhfuil níos mó ná leath an daonra ina gcónaí i slumaí ar níos lú ná 5% de thalamh na tíre.

Ceaptar go bhfuil thart ar 135,000 páiste ag maireachtáil ar na sráideanna i gcathair Nairobi.

Déanann GOAL iarracht oideachas a chur ar na páistí faoin gcontúirt atá ag baint le AIDS.

Rinne siopa GOAL agus díolachán dlúthdhioscaí brabach c€35,000 i samhradh 2003, 2004 agus 2005.  Seoladh an t-airgead seo chun tacú le clár de chuid GOAL a dhíríonn ar dhaoine óga atá go mór faoi chois  i “Sluma Mukuru”, ceann de shlumaí Nairobi.

Tá cúig chuid sa gclár “Programme for Children and Youth in Difficult Circumstances”

  • Community Children Education Centre, scoil do 300 páiste as Sluma Mukuru.

  • Rescue Centre: Díríonn an t-ionad seo ar pháistí óga atá go mór i mbaol de bharr faillí nó mí-úsáid gnéis.  Fanann 40 páiste ag an am san ionad seo.

  • Vocational Skills Training Centre:  Ionad traenála do chéad seachtó daoine óga ina múintear scileanna cócaireachta, adhmadóireachta agus gruaigeadóireachta.  Is é sprioc an chúrsa bliana seo ná go mbunódh na hiarscoláirí gnóthaí beaga dá gcuid féin.

  • HIV/AIDS Street Education Project: Díríonn an t-aonad seo ar eolas agus comhairle a chur ar fáil do pháistí sráide agus do pháistí na slumaí le cur ar a gcumas iad féin a choinneal slán ó HIV/AIDS. Úsáidtear drámaíocht agus pupadóireacht chun dul i gcion ar dhaoine óga nach bhfuil léamh ná scríobh acu.  Tá an modh oibre seo an-éifeachtach agus tá aithris á dhéanamh air i gcathracha eile timpeall an domhain.

  • Mobile Medical Clinic: Cuireann an clinic seo seirbhís leighis ar fáil do roinnt de na daoine is boichte i  Nairobi.

Ní athróidh an cúpla euro a fuair siad ó Choláiste Lurgan an drochchaoi atá ar an 4,000,000 duine a chónaíonn i slumaí Nairobi, ach is cinnte go ndéanfaidh an t-airgead seo difir ollmhór do shaol na mílte a bhaineann leas as obair GOAl sa gcathair sin.

 

 Sri Lanka 2005

I mbliana thug Coláiste Lurgan €7,500 chun cuidiú le clár atógála tithe i Sri Lanka, tar éis an scrois a rinne an tsunami a bhuail oirdheisceart na hÁise i Nollag 2004. 

Is faoi stiúir Chaoimhín Mac Domhnaill, a bhfuil cónaí air in Indreabhán, a rinneadh an atógáil seo. 

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin togra nó cúnamh airgid a thabhairt ach glaoch ar Chaoimhín ar 087 6796685.

Tá scéal an atógála seo le feiceáil sna pictiúir thíos.

suas

 

english

 

Cuimhní Gaeltachta