Cúrsa Teagaisc
Is cuid an-tábhachtach den chúrsa Gaeilge iad ranganna na maidne mar is i rith an ama seo a fhoghlamaítear na téarmaí, an foclóir agus na nathanna cainte a úsáidtear le linn do scoláirí a bheith ag caint lena chéile agus ag déanamh caidrimh.
Tá cúrsa teagaisc Choláiste Lurgan an-difriúil ó chúrsa gaeilge na scoile sa mhéid is nach bhfuil aon bhéim ar scríbhneoireacht ná ar léitheoireacht.
Is ar labhairt agus ar chumarsáid trí Ghaeilge a chuirtear an bhéim uilig.
Is cúrsa teagaisc ilmheánach, digiteach, deartha go speisialta do chúrsaí an tsamhraidh a bhíonn in úsáid i ranganna an Choláiste.
Tá cúrsa Gaeilge Choláiste Lurgan leagtha amach in aonaid ina bhfuil éagsúlacht cur chuige agus cur i láthair. Tá 26 aonad sa chúrsa agus 4 cheacht i ngach aonad. Rinneadh iarracht éagsúlacht a bheith san ábhar, sna ceachtanna agus sa gcur chuige múinteoireachta i ngach aonad.
Tá trí chuid sa gcúrsa nua seo:
Féach thíos leathanaigh samplacha den leabhar oibre.
|